Elige una pista para reproducir
Oisín is fada do shuan
éirigh suas is éist an salm
d'imthigh do lúth is d'imthigh do neart
gidh chuirtheá cath i ngleo gharbh
D'imthigh mo lúth is d'imthigh mo neart
ó nach maireann cath ag Fionn
i gcléirchibh ní fhuil mo spéis
ceol dá n-éis ní binn liom
Do chuirinn-se gliadh suas ar gcnoc
a Phádraig, is docht do rún
is mairg duit do cháin mo chruth
is nach bhfuair mé guth ar dtús
Chualas a ceol dob fhearr ná bhur a gceol
gidh mhór mholas tú an chliar
scaltarnach luin Leitreach Laoi
's an fhuaim do-níodh an Dórd Fiann
Smólach ró-bhinn Ghleanna an Scáil
nó morgháir na mbarc le tráigh
ba bhinne liomsa trost na gcon
ná do scol-sa, a chléirigh cháidh
Dhá ghadhar déag dobhí ag Fionn
nuair do leigeadh iad fá Ghlionn Rath
ba bhinne ná a n-ádhbha ciúil
is a n-aghaidh ón tSiúir amach [...]
Nuair do shuidheadh Fionn ar an gnoc
Nuair do sheinneadh gan locht an Dórd Fiann
do chuireadh 'na gcodladh an shluagh (?) ar a shluagh
le monabhar ba bhinne ná an chliar