Elige una pista para reproducir
Mo Ghile Mear
'Sé mo laoch, mo ghile mear
'Sé mo chaesar, ghile mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh I gcéin mo ghile mear
Bímse buan are buaidhirt gach ló
Ag caoi go cruaidh 's ag tuar na ndeór
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó
's ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón
'Sé mo laoch, mo ghile mear
'Sé mo chaesar, ghile mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh I gcéin mo ghile mear
Ní labhrann cuach go suairc are nóin
Is níl guth gadhair I gcoillte cnó
Ná maidin shamhraidh I gcleanntaibh ceoigh
Ó d'imthigh uaim an buachaill beó
'Sé mo laoch, mo ghile mear
'Sé mo chaesar, ghile mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh I gcéin mo ghile mear
Marcach uasal uaibhreach óg
Gas gan gruaim is suairce snódh
Glac is luaimneach, luath I ngleo
Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon
'Sé mo laoch, mo ghile mear
'Sé mo chaesar, ghile mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh I gcéin mo ghile mear